View this site:
As Gaeilge
In English
Home
Timetable
Sailing Update
Blog
Shop
Calendar
Ship Position
Fares
Cargo
Cape Clear Island
Fastnet Tours
Customer Charter
School Tours
Packaged Tours
Links
Cartoon History
Our History
Photo Gallery
Island Map
Media
All Ferry Services
Schull Ferry
Weather
  Cruinniú Poiblí sa Choláiste Nua mar gheall ar trachtchlár an seirbhis farantóireachta ar an Satharn 28 Eanáir 2012

Ghlach Séamus buíochas le gach a bhí i láthair agus dóibh siúd a rinne moltaí éagsula maidir leis an trathchlár farantóireachta i rith na bliana. Faoin am seo níl ach athruithe beaga i gceist d’fhonn an tráthchlar a dheanamh chomh héifeachtach agus is féidir é. Tuigeann gach éinne go mbíonn búntaistí agus mí bhuntaistí le gach athrú ama agus gur ceist é an coimhneas is fearr a aimsiú idir na riachtanais éagsula. Seoladh 4pm Bealtaine, Meitheamh & Meán Fómhair Thainigh an taischur is mó maidir leis an seoladh 4pm ag dul amach as an Oileán Bealtaine, Meitheamh agus Meán Fómhair. Tá sé seo ró luath le haghaidh turasoirí lae a bheadh ag teacht isteach ag 2pm, ní fhágann sé ach beagán thar uair a chloigh san Oileán. Cheana bhíodh an seoladh seo ag fágáil ag 6pm agus ag filleadh ó Dhún na Séad ag 7pm ach bheadh sé seo ró dhéanach le haghaidh turasóirí lae ag teacht ar maidin, bheadh an lá ró fhada agus pé gnó a ghnótháfa am amháin chaillfí é ag an tam eile. Anuas ar se d’fhagadh sé seo na páistí meánscoile amuigh go dtí 7pm gach Aoine, tréimhse an fhada ag fanacht i nDún na Séad. Mhol an comhlacht dá bhfeadfaí an tam a chur siar go dtí 5pm ag dul amach agus 6 pm ag teacht isteach go bhfreastalódh sé seo níos fear ar an turasóireacht gan cur isteach ró mhór ar éinne eile. Pléadh é seo leis an Coiste Monatóireacht agus fuarthas aischur eile a mhínigh go mbeadh fadbh leis an mbus bpoiblí mar go bhfagánn sé Dún na Séad ag 5.30pm agus go mbeadh seoladh ag 5pm ró dhéanach. Aontaíodh go mbeadh sé seo go brea dá bhfeadfaí an bus a chur siar ach bhí sé seo triallta cheana féin go 5.50pm agus chur lucht an bhaile ina choinne. Taréis an cheist a chíorach thánathas ar chomhthuiscint an seoladh amach a chur siar go 4.30 pm agus an seoladh isteach a bheith ag 6pm d’fhonn am a fhagáil le aghaidh lochtú 7rl. An Dara seoladh Dé Ceadaoine sa Gheimhreadh & na trusanna scoile go luath Dé Luain. Anuraidh aontaíodh turasanna luath Dé Luain in Iúil agus Lúnasa a mhalartú ar an dara turas Dé Ceadaoine ó Feabhra ar aghaidh. Níl aon ghá leis an turasanna seo ach le linn an téarma scoile agus aontaíodh gur cheart an chleachtadh seo a chur i bhfeidhm arís. Mar mhalairt ar gan na truasanna seo a reachtáil ach le linn am scoile amhain tá an Comhlacht sasta ( taréis dul i gcomhairle lies an Coiste Monatóireachta) na tursanna a reachtáil gach Ceadaoine ó Feabhra go Aibreán rud nach bhfágadh ach dhá mhí gan an tarna turas ar na Ceadaoine. Aontaíodh leis seo. Leagan amach an tráthchlár Tá sé curtha in iúl don comhlacht ag daoine éagsula go bhfeadfaí feabhas a chur ar an tráchchlar chun go mbeadh sé níos so leite agus tá sé i gceist tabhairt faoi seo. Aontaíodh le seo ach dúradh go mbíonn gá tráthchláir a staidair go cúramach i gcibé comhthéasc agus nach aon eisceacht sinne. Aontaioch gur cheart a laghadh athruithe agus is féidir a dheanamh ó bhlian go bliain. Na seoltaí scoile ag 7.15am. Ardaíodh ceist ón úrlár go raibh an seoladh 7.15 pm ró dhéanach le haghaidh na busanna scoile. Léirigh Séamus go raibh inchur faighte aige faoi seo ó lucht an bhus go Cloch na Coillte mar go gcuireann aon mhoill sa bhád, fiu amháin 5 noiméad moill ar go leor páistí eile ag fanacht ar an mbus idir seo agus ceann scríbe agus go bhfuil an tam an teann ar fad don seirbhís seo. Nuair a mhínigh sé an proiséas a bhain le athrú ama ní chuadar níos faide leis an scéal ag an am seo ach aontaíodh gur cheart a léiriú don Roinn agus do dhaoine eile anois bo bhféadach sé seo a bheith riachtanach don scoil téarma ag tosú Méan Fómhair seo chugainn. Bhí go leor plé faoi seo agus iarradh ar Seámus sa chéad áit idirbheartaíocht a dheanamh le lucht an bhus feachaint an bhféadach páistí an Oileáin atá ag trial ar Ros ó gCairbre agus an nGaelscoil i gCloic na Coillte taisteal sa bhus céanna mar go réiteodh sé seo an scéal gan aon athrú ama. Aontíodh go raibh seirbhís den scoth á sholáthar ag na busanna seo go bhfuilimíd an sásta leis agus nach mian linn go mbeimís ag cruthú fadbhanna do phaistí daoine eile atá ag úsáid na busanna céanna. Cuireadh críoch leis an cruinnú agus ghlach Séamus buíochas le gach einne a bhí i lathair agus le daoine eile a rinne moltaí éagsula i rith na bliana

email: info@cailinoir.com   telephone: 028 41923