Fáilte roimh an Ilen go hÓileán Chléire
Curfá
Trasna na dtonnta, ó thuaidh, ó thuaidh,
Slán leis an uaigneas, is leis an saol cruaidh,
Geal í mo chroí, agus geal í an ghrian,
An Ilen ag filleadh go Cléire.
Chonaic mó dhothain de chríocha i gcéin,
Farraigí móra, cruatan an tsaoil,
D’ardaigh mo sheol le athrú an ré,
Le filleadh ar dhuíche mo dhéanta.
Curfá
Is cuimhin liom óg fhir, láidir ‘gus gcroí,
Donncha ‘gus Concubhar Ó Céadagáin fíor,
Mairnéalaigh cruthanta, cróga gus fial,
Faoi Chormac Uí Bhrian, an Seoltóir.
Curfá
Chaith na blainta ag treabhadh na dtonn,
Ó Phort Stanley, anonn is anall,
Stoc agus lasta, go deireadh an Domhain,
Is d’iompar abhaile go slán iad.
Curfá
Is mó foireann a shiúil ar mo dheic,
Le seachtó ciúig bliain, gan cliseadh nó teip,
Ach ní fhach mé sáru, inniu nó inné,
Ná Paddy Barry is a ghascígh.
|